School: Cill Bhriotáin (C.) (roll number 11728)
- Location:
- Kilbrittain, Co. Cork
- Teacher: Cáit de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Bhriotáin (C.)
- XML Page 344
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Tiocfaidh gaoth agus tóirneach agus mór thuille ar abhna buidhe ¶ Sneachta 'á cháth' ar bóithribh ¶ Agus bólacht 'á threasgairt tríd.”
I.
Tiocfaidh gaoth agus tóirneach agus mór thuille ar abhna buidhe
Sneachta 'á cháth' ar bóithribh
Agus bólacht 'á threasgairt tríd.
Ní déanfaidh fead a' smólaigh
Ná ceol binn ag éin ar chrainn
Ó chailleas-sa mo stóirín
'Sí thógfadh a' ceo dem' chroidhe
II.
Is buachaillín fíor óg mé
Is gur fóir orm Rí na nGrás
Do thug stair do chailín óig
I dtig an óil is í 'na cúilfhionn dheas.
Ní raibh hata uirthi na húsa
Ná buachallaí buidhe bhéadh déanta 'e prás
Ach a tape i gcluais a bróigín
Sí mo stór í 's go bhfaghadsa bás.
III.
Tá sé thíos im' leabhar agam
Do bhonn (bhán (?)) chris is do mholainn féin
Do bhéilín tanaidhe mheall mé
'S do gheall dom na neosadh breug
Do chom scang gile míne
Ná'n síoda 's ná chúmh na n-eun
Ach ní choslaim neul de'n oidhche
Ach ag smaoineamh ar grás mo chléibh.(continues on next page)