School: Gurrane (B.) (roll number 14839)
- Location:
- Clondrohid, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gurrane (B.)
- XML Page 104
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Fear na bó féin fé na h-eirball."
"Is mairg a dhóigheann an ath-bhuaile."
"Ceann dubh ar gach maidean Earraigh
Agus eirball sionnaigh as san siar"
"Is minic a chuir na luaithe fear na cruaice amach"
Is deacair bríste 'bhaint a' tóin lomnochta".
"Is deacair gearrfiadh a chur as an dtor na beidh sé."
"Ag cuimilt blonaige do thóin muice"
"Is mairg a báidhtear an long sa chuan."
"Is mairg a báidhtear in am an anaithe
Mar tigeann an ghrian i n-diaidh na fearthainne."
"Is mairg a bheith ar chois ao' chaorach."
"Ní fuacht go h-Earrach"
"Ní anaithe go gaoth adtuaidh"
"Mura mbeidh na locháin lán ar theacht an Mhárta lionfaidh an Márta iad."
"Ní díríghe fhasann an drom sa lachain ná tá lá Fhéile Pádraig i lár an Earraigh."
"Gach 're lá go maith ó lá 'le Brighde amach" a dubair Naomh Brighde
"Gach lá go maith ó lá 'le Pádraig amach & leath mo lae-se leis" arsa Pádruig.
"Labharfaidh an chuach ar crann gan duille
Nuar thiocfaidh lá le Padruig
"Bróg smeartha nú seanduine beárrtha"
"Sméara ar dhrúcht nú úbhla ar chiadhlacan" (Ní maith iad)
"Duine fluich a's duine a' bearradh"
"Aithnígheann ciaróg ciaróg eile."
"Aithnígheann an saoghal Brian is aithnígheann Brian iad."
"Má leigeann tú do chlann le mor-uaisle na tíre
Is measa dhuit le cothúghadh iad ná coilleáin mactíre"(continues on next page)