School: Gurrane (B.) (roll number 14839)

Location:
Clondrohid, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 105

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 105

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrane (B.)
  2. XML Page 105
  3. XML “Seanfhocail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "An rud a sgríobhann an púca léigheann sé féin é"
    "Is measa cách ná Conchúbhar"
    "Más maith leat bheith buan, caith fuar agus teith".
    "Dearbhráthair do Thadhg Riabhach Dómhnall Gránda".
    "Dá olcas é Seamus ba mheasa bheith 'n eaghmuis."
    "An té is mó ólann isé is mó dúil ann"
    "Mol gort is ná mol geabhar"
    "An té bhíonn suas óltar deoch air
    A's an té bhíonn síos luightear cos air."
    "Tosach coille nú deire féithe"
    "Bíonn an roth ag casadh agus an buille mor le bualadh a's is fada do'n tuathalán tréan é"
    "Is feárr focal sa chúirt ná púnt sa sparán"
    "Is feárr suidhe i n-aice ná suidhe i n-eaghmuis"
    "Ní sia a rithfidh leat ná mar is toil le Dia".
    "Níor chaill fear an chroidhe mhoir riamh é"
    "Mara bhfuil agat ach buicín gabhair bí i lár an aonaigh leis."
    "Is feárr lúbadh na briseadh"
    "Reódh i dtosach na h-oidhche gur dhíol Fionn na bróga".
    (Cómhartha báistighe iseadh reódh i dtosach na h-oídhche)
    "Caisleáin ag tuitim agus cáirne aoilig ag eirghe"
    "Ceannuigh ar a trí agus díol ar a seacht is ní bheidh tú coidhche gan capall maith."
    "Fuiligeann fuil fuil do dhortadh ach ní fuiligeann fuil fuil dá dortadh"
    "Ag caitheamh na sgillinge agus ag coimeád na pingine."
    "Más mall, is díreach díoghaltas Dé"
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish