School: Gurrane (B.) (roll number 14839)
- Location:
- Clondrohid, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gurrane (B.)
- XML Page 106
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Is feárr teach beag agus teann-lón ná teach mor ar bheagán bídh."
"Is saidhbhir iad na boicht i láthair Dé"
"An té a shiúbhlann ar uibhibh ní foláir do coiscéim eadtrom a bheith aige"
"Is sleamhain iad leacacha an tíghe mhóir"
"An rud a théigheann i bhfaid, téigheann sé i bhfuaire"
"Is feárr an té eirígheann ná an té a thuiteann"
"Is feárr an ceann an t-athair do dheichniúbhar cloinne ná deichniúbhar cloinne n-a gceann do'n athair."
"Tagann a cháirde ach ní maithtear na fiacha."
"Is caol í an dlíghe ach má's caol is cruinn."
"Rabhtai ruadha na h-Inide
Rabhtai geala na Cásga
Rabhtai lae 'le Muire
Is Rabhtai lae 'le Padruigh."
"Bíonn bainne geal ag buaibh dubha."
"Is geal leis an bhFiadhach dubh a gearrcach féin"
"Tháinig sé aniar adtuaidh orainn mar tháinig Tadhg na Cuaiche ar Corcaig"
"An rud a chuir an mada ruadh ag ithe na fionna mhóna a chuir sinn ag triall ort."
"Is minic a chuaidh fear buille trí thuille 'na lán-rith
Ach is minic a sgiob an tuille fear buille le fánaidh."
"Deire fir a shuan nú bean bheith á faire féin suas."
"Céile do'n leabaidh an uaig
Céile do'n uaig an bás
Céile do'n oidhche Ifrean Fuar
Is tuig a dhuine gur cruaidh ár gcás."(continues on next page)