Scoil: Gurrane (B.) (uimhir rolla 14839)
- Suíomh:
- Cluain Droichead, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gurrane (B.)
- XML Leathanach 152
- XML “Ba agus Cróanna”
- XML “Ba, Im agus araile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bó ó'n adhairc. Bíonn fáinne in aghaidh gach blian aoise ar adhairc na bó. Is féidir le daoine eólgaiseacha i dtaobh ba aos na bó do dhéanamh amach ó na beal.
- Bhí bean ann fadó agus bhí sí ag obair d'fheirmeóir chreideamhnach agus bhí an díobluíocht aici á dhéanamh ar a cómharsanaibh go léir. Thug duine aca l___ meidre dhi agus nuair a chuaidh an l___ tar n-ais do theip glan ar an bhfeirmeóir sin aon im a dhéanamh i gcaitheamh na bliana san. Thug an máighistir fé ndearra go raibh níos mó ná a cheart ime á dhéanamh. Ní raibh sé sásta leis sin agus chuir se abhaile í agus nuair a bhí sí ag gabháil thar abhainn do sguab an tuille léi í agus fuaradh tamall síos san abhainn í marbh.
Thug bean fheirmeóra meadar do mnaoi eile tráth chun ime 'dhéanamh. Nuair a fuair sí an meadar tar n-ais ní fheadfadh sí aon ím a dhéanamh. Fuair sí smearóid teine agus thug sí go dtí an tig eile í agus fuair sían t-ím go léir ins an dtobán uisce.
Tá alán nósa ag bainnt le lá Bealtaine a tháinig anuas chúghainn. Isé cead rud a deintear anois na uisce coisreacan dfhághail agus é chaitheamh ar gach toradh a bhíonn ag fás agus ar na h-ainmhidhthibh leis agus deirtear gur chun sprideanna spéir do ruagairt a deintear é.- Bailitheoir
- Micheál Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Clais Mhig Uidhir, Co. Chorcaí