School: Cúil Aodha (roll number 16521)
- Location:
- Cúil Aodha, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúil Aodha
- XML Page 389
- XML “Piseoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deirtear nác ceart cliabán nuadh d'fághail do'n céad leanbh.
Dá mbeadh cráin muice ann agus go mbeadh banbhaí aici féin agus a h-inghín san am gceadna agus sa tig céadna deirtear go marbhóchfaidís a chéile.
Deirtear nách ceart do buacaill na cailín a bheadh chun pósadh dul le chéile sa gluaisteán céadna go dtí an séipéal.
Dá bposfaí cailín Máirt Inide agus go mbeadh sí na bhaile féin an oidhche sin deirtear nác ceart di dul go dtí tig a fir go dtí go mbeadh an Carruigheas caitte.
Deirtear nác ceart aistriúghadh isteach i dtig nuadh Dé Luain ná De h-Aoine agus cur ceart an cat d'fágaint id' diaid sa seana tig.
Ní ceart bainne ná ím do thabhairt d'aoinne Lá Bealtaine agus dá dtabharfaí an bainne gur ceart pins salann do cur ann.
Deirtear nác ceart dá banbh do coimeád as aon ál amháin mar adhbar cránac(continues on next page)- Informant
- Tadhg M. Ó Duinnín
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cúil Aodha, Co. Cork