School: Cúil Aodha (roll number 16521)
- Location:
- Cúil Aodha, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aodhaire bó ag faise ar agus dubhairt sé :- "Dar diadh a fhir mhaith is maith í do léim" "Ní h-aon bhrígh é sin seachas an puthag a bhí agam chúiche."
- Ar an taobh theas de Chúil Aodha tá seana casán na gCiarraidheach. B’shin é an bóthar a thógadh na daoine ag dul ó Neidín go Corcaig fadó. An “Carta Dubh” a tugtar ar uaireanta. Nuair a bhiodh na Ciarraidhig ag dul go Corcaig stopadís i mbarra Cúil Aodha agus cuiridís na capaill isteach sa “bFéith Reamhar. Cuiridís na sratharacha isteach i mbéilic carraige. Tugtar “Carraig na Sratharach” ar an gcarraig ó shoin. Bhí cúpla síbín ar an mbóthar san agus tig tábhairne.
Do deineadh a lán bóithre do’n tíghearna talmhan nuair a théigheadh sé amach ag foghlaereacht. Seo cuid acu “Bóthar na Réidhe”, Bóthar Shighle Lear” agus Bothar Gort Uí Rathaille
Bhí leacht ar barra an Chuma. Finghín Ó Suilleabháin ab ainim do’n bhfear a thuit ann. Bhí sé ins na bhFiníní agus bhí sé ar a theiceadh ar feadh abhfad. Fuair sé a phas agus bhi se ag dul(continues on next page)- Informant
- Dómhnall Bán Ó Céilleachair
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Occupation
- Feirmeoir beag
- Address
- Cúil Aodha, Co. Cork