School: Cúil Aodha (roll number 16521)
- Location:
- Cúil Aodha, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúil Aodha
- XML Page 336
- XML “Seanamhráin”
- XML “Dó Aoil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanamhráin (continued)
“Lá as me ag taisteal liom féinig”
(continued from previous page)IV
Ná bídhidh-se a rádh gur le locht ar mo mháighistir
D'fágfainn an áit seo ar aon chor
Ná an bhean úd gan cháin nár thuill uaim i cháineadh
A's ar eagla í caineadh níor bhaoghal dí
Na cómharsain do b'fhearra do bhí agam am aice
B'iad muinntir na leacain le chéile
As dá dteastuigheadh uaim bainne ní bíodh orm easnamh
Mar thigeadh a dteachtaire féin leis.
V
Dá dtiocfadh an lá orm fagfaidh me an áit seo
Tá an tig seo ró árd ar fhéic ann
Níl claidhe ann ná fál do dheanfadh aon sgát
Ach fiolair ag gáir as ag éaghamh ann
Déanfar me bhriseadh as tógfar mé dem' bhonnaibh
A's imtheóchadh ar buile gan éadac
Anois ó tá an Inid ann pósfad más mithid é
A's mairfhidh mo dhuine nú éagfad- Do raghfá go dtí an coiréal as do thabharfá leat roinnt ualaighe doch-aoil. Do leagfá ar an láithreach a bhíonn ag gábhail leis an dteinaoil iad. Bíonn an láithreach san ar aon leibhéal le barra na teinaoileach. Annsan do ghéobhfeá casúr as do scoiltfeá iad. Chuirfeá leac sa pholl a bhíonn thíos ag bun na teinaoileach i dtreó as ná raghadh an mhóin ná an cloch-aoil amach. Chuirfeá roinnt brosnaig ag bun na teinaoileach a's tímcheall le bota móna(continues on next page)
- Informant
- Seán Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Occupation
- Gréasaí
- Address
- Cúil Aodha, Co. Cork