School: Cúil Aodha (roll number 16521)
- Location:
- Cúil Aodha, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúil Aodha
- XML Page 289
- XML “Rudaí go bhFuil agus go mBíodh Meas orthu sa Bhaile”
- XML “Bia”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aice agus deireadh sí Paidir agus Cré ag piocadh gach gas. Do coimeádtí an t-aitean san sa tig i gcaitheamh na bliadhna. Deirtí go gcoimeádadh an t-aitean Mhuire iad ó bheith ag dul amúgha agus go gcoimeádadh an Seamar Mhuire na púcaí uatha. Tá na gais sin ag fás fós ach ní bhacann aoinne leó.
- Tímcheall céad bliadhain ó shoin ní raibh ciotal, ná corcán té, ná sgian ar an dtaobh so de'n parróiste ach ag aon bhean-tíghe amháin. Nuair a bhíodh stáisiún i dtig caithtí na h-earraí sin d'fhághail uaithe siúd.Bhí naoi dtighthe i n-aice a chéile i nGort na Scairte agus leite a bhíodh acu i gcóir suipéar gach oidhche. Ní raibh ach leath dosaen spiún acu eatorra. Bhíodh suipéar ana luath ag muinntir an chéad tíghe gach oidhche. Chuiridís na spiúin go dtí an tarna tig. Nuair a bhídís san críochnuighthe leó cuiridís go dtí an tríomhadh tig iad agus mar sin dóibh. Bhíodh sé 'na mheadhon oidhche geall leis nuair a bhíod suipéar ithte ag an dream deireanach.Sé an gnáth bhiadh a bhíodh ag na daoine ná na prátaí agus bainne reamhar.(continues on next page)
- Informant
- Dómhnall Bán Ó Céilleachair
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Occupation
- Feirmeoir beag
- Address
- Cúil Aodha, Co. Cork