School: Baile Uí Bhuaig (B.) (roll number 14816)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Martias Ó Luasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Bhuaig (B.)
- XML Page 115
- XML “An Paróiste Seo”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Líam Ó Duinneacha ó Achadh an Chunaigh, Cill na Martra(An t-eolas so faghta ar scoil)
Cíll-na-Martra an ainm atá ar an bpáróiste seo, acht tugann na sean-daoine Tuath-na-Droman uirthe fós. Tá ceithre cínn de bhailtí fearann inti go bhfuil an focal "Dróm" ionnta agus is dócha gurb é sin is bun leis an sean ainm.Tá sí í ngiorracht trí mhíle do Mhághchrómtha ar an dtaobh shoir agus síneann sí síar fan árdú tailimh go Béal-an-Ghleanna trí mhíle ó thúaidh de shráid Béal-Atha-an-Gáorthaidh. Ag Beal an Ghleanna tógann an Tónn fo-ábha na Laoi, a ceann. Glúaiseann an Tonn idir í agus Paróiste Uibh Láoghaire chómh fada soir le Droichead na Tuinne. Tagann Paróiste Cíll Michíl agus Paróiste Mhághcrómtha ar an dteórainn as san soir. Tá ábha an t-Suláin ar an dtaobh thúaidh dí, idir í agus Paróiste Bhaile Mhúirne agus Paróiste Clúain Droichead, acht tá pusca de'n Pharóiste ar an dtaobh thall den ábhainn ar a bhfuil scoil Cúil a Bhuacaigh(continues on next page)- Collector
- Liam Ó Duinneacha
- Gender
- Male
- Address
- Áth an Chonnaidh, Co. Cork