School: Baile Uí Bhuaig (B.) (roll number 14816)

Location:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
Teacher:
Martias Ó Luasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 205

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 205

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Bhuaig (B.)
  2. XML Page 205
  3. XML “An Cheárta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sé rud an ceardcha ná - tig n-a deisightear uirlisí iarrainn, agus de ghnáth bíonn sí salach agus mí-sláinteamhail. Níl oiread oibre anois le déanamh ag muinntir na ceardchan agus a bhí, mar tá na monarcain abalta iad a dheanamh, ní mar a céile é agus an aimsir fadó mar nuair a bhíodh na h-uirlisí troda ó na saigdiúirí gaedhealaca is é an gabha agus a bhuachaill aimsire a dheineadh iad.
    Bíonn ceardcha suidhte beagnach ins gach sráidbhaile i dtreó is go mbéadh sí oireamhnac dos na feirmeóiríbh. Siad na h-uirlisí a bhíonn ins an cheardcain ná -:
    Bíonn tulac ceardchan, builig mhóra chun séide fén dteine, inneoin cun an iarrainn do cur anuas uirthe le linn a bhuailte, soc ar an inneoin cun an iarrainn do lúbadh, órd agus ceapórd cun an iarrainn do bhualadh, teanncair cun beartha ar an iarrainn, agus bior cun poill do dheanamh.
    Cuireann an gabha cruidhte fé capallaibh, fé asalaibh agus fé na capaill bheaga. Deineann sé ceactaí, bracaí, geataí, agus deisigeann sé gach uirlis iarrainn a bhíonn ag an bhfeirmeór
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
          1. smithing (~2,389)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Céilleachair
    Gender
    Male