Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.) (uimhir rolla 14816)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Múinteoir: Martias Ó Luasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.)
- XML Leathanach 141
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)9.
Fear fada cam 'na sheasamh sa ghleann
Gan dada na cheann ach diabhail agus deamhain?10.
Ceithre muca móra bána ag feuchaint
síar ó thúaidh ar Bhaile Uí Dhálaig,
Díosfaidís a dtiocfaidh is a dtáinig
S ní íósfaidís oiread agus gráinne?11.
Éirig a inghean 's téir ag feuchaint t'inghine bhí inghean inghíne ag a h-ingín aréir?12.
Cadis caime ná an abha?13.
Bean óg uasal 'na suidhe ar fhuarma
S a h-ingne fúaidhte trí na guailnibh?14.
Caitheas é anáirde 'sé chomh bán le sneachta
'S thuit sé anuas 'na ór buidhe leachta?15.
Seán bán buidhe brach, 's a bholg lán d'uibhe cearch?16.
Tobairín fíor-uisce ar fhíor bharra an tsléibhe
Fuinneóigín gloine 's doraisín cré?17.
Ní fuil, ní feóil, ní cnámh é,
As fuil agus as feóil d'fhás sé?(leanann ar an chéad leathanach eile)