Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)

Suíomh:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
Múinteoir:
Neans Ní Shúilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 305

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 305

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.)
  2. XML Leathanach 305
  3. XML “Cuntas i dtaobh Baile Uí Bhuaig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá Baile Uí Bhuaidh i bparóiste Cilnamartra agus i mbarúntacht Múscraí Shiar. Tá dhá thig déag feirmeora ann, dhá thig le lucht oibre agus dhá siopa. Tá siopa ag feirmeoir agus fágann san go bhfuil chúig tigh déag go bhfuil daoine na gcómhnuide ionta.
    Tá tighthe maithe anois sa bhaile seo, adhmaid agus slínn mar cheann ortha, agus na fallaí déanta de chlocha agus mairtéal. Tá na tighthe seo déanta nuadh fé bhun trí fichid bliadhain agus tá cheithre cinn aca déanta fé bhun dhá bhliadhain déag agus na cheithre cinn seo déanta amuigh i bpáirc fé leith amach ón gclós bhí ar aghaid na sean thighthe. Tá na tighthe go léir sa bhaile seo compórdach go maith anois. Ní mar sin a bhí san aimsir chaite. Céad bliadhain ó shoin ní raibh leac slinne ar aon tig ann ach tuíghe agus deirtear liom gur minic a bhí poll tríd an díon so nuair ná cuirtí ath dhíon. Tá sé déanta amach agam ná raibh puinn saidhbhris sa bhaile san am so mar dá
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
    Bailitheoir
    Neans Ní Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
    Faisnéiseoir
    Concubhar Ó Éaluighthe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork