School: Baile Caisleáin an Róistigh (B.) (roll number 14107)
- Location:
- Castletownroche, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Luineacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do deintí teine d'adú amuigh ar an bpáirc nó ar macha na mbó agus is dóigh liom go ndeintí braon d'uisce coisridhthe do chrothadh uirthi. Annsan nuair a bhíodh an teine ar lasadh do gheibhtí scáthán mór aiteann críon agus do lastaí ar an dteine é, agus do tarraigightí an scáthán aitinn sin agus é ar lasadh tré sna gortaibh 'na mbíodh na prátaí, an coirce srl ag fás agus na móinfearaibh chómh maith. Gan amhras ní fhanfadh an chéad scáthán a lastaí ar an dteine ar lasadh acht do lastaí cheann eile as san sara dtéigheadh sé i n-éag, agus deineadh san an gnó chómh maith is do lastaí ar an dteine é. Do deintí rud eile fós, sé sin a mbiodh de bheithidheacha ar an bhfeirm do bhailú i dteannta a chéile agus scothán do lasadh ar an dteine - agus buille den scóthán san a bhualadh ar gach beithidheach aca "In ainm an Athar, agus an Mhic agus an Spiorid Naoimh.