Scoil: Glashaboy (uimhir rolla 10569)
- Suíomh:
- Glashaboy North, Co. Cork
- Múinteoir: Liam Ó Leighin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Glashaboy
- XML Leathanach 578
- XML “Donnchadh Ó Dálaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear 'na chomnuidhe tímcheall na h-áite seo in aimsir na bFínínní. Donnchadh Ó Dálaigh a b'ainm dó. Huir sé spéis mhór i ngluaiseacht na bFínínní. D'oibrigh sé go dian díchteallach tímcheall na h-áite chun suim na ndaoine do mhúsgailt agus iad do gríosadh chun a gceart d'éíleamh.Ghaibh sé páirt san eirghe amach agus bhí sé páirteach in alán sgriosmhar eile sa nduthaigh. Bhí sé amach oidhche ag déanamh obair rúnda agus bhí sé an déanach dorcha agus é tamall maith ó bhaile. Chuaidh sé isteach idtigh ag lorg loístín acht d'eitigheadh dó é. Bhí "ciúineas" ag teastáil ó mhuintir an tighe dubhradar. Tháinig na saighdiúirí Gallda ar Donnchadh an oidhche sin. Níor aithnuigheadar é ámhthach agus d'éirigh leis dul uatha. Marbuigheadh é sa deire. Thóg beirt shaighdiúir é go háit uaigneach chun rún éigin do mhealladh uaidh. Ní sgéicfeadh sé ar a mhuintir agus d'fhág na saighdiúirí fuar marbh san áit é. Ins na h-oidcheannta fada Gheimhridh nuair a bhíonn seanchuidheacht cois teine ag muintir na tuaithe is minic a luadtar le h-omós agus le grádh, ainm dhílis - Donnchadh Ó Dálaigh.