Scoil: Glashaboy (uimhir rolla 10569)
- Suíomh:
- An Ghlaise Bhuí Thuaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Liam Ó Leighin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Glashaboy
- XML Leathanach 577
- XML “Donnchadh Ó Broin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tímcheall ochtmhód bliain ó shoin mhair fear dárbh ainm Donnchadh Ó Broin tímcheall na h-áite seo. Bhí an spealadóireacht ar dheis agus ar fheabhas an domhain aige. Is minic a cuireadh comórtas ar bun idir é agus fearaibh eile sa dúthaigh ach bhí an chraobh ag Donnchadh gach uair. Uair amháin dhein sé sé acraí d'arbhar do bhuaint le speil in aon lá amháin. Thuig sé go maith - "Ní moill faobhar ach is moill bheith gan é".Bhí sé go h-iongantach chun faobhar do chur ar an speil, agus dheineadh sé an faobhar sin d'aithnuadhchaint go minic.Chomhnuigh sé ag Cnocán an Bhuidéil. Ghaibh sé páirt in eirge amach na bFínínní. Bhí capall aige. Deineadh an capall do lámhadh i sgiormais, uair, ach chuaidh an marcach slán. Bhí a ainm in áirde ó'n uair sin amach. Fuair sé bás ag Cnochán an Bhuidéil. Maireann a shlioct tímcheall na h-áite seo fós.