School: Convent of Mercy, Rinn an Chabhlaigh, Cóbh
- Location:
- Ringacoltig, Co. Cork
- Teacher: An tSr. Peadar
![The Schools’ Collection, Volume 0386, Page 023](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0386%2FCBES_0386_023.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0386, Page 023
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ar an dtaobh tiar-tuaidh de Carraig a' Gleo tá ait ar a dtugtar Cuirt (Marino). Tá tig mór ann cois trága 'na comhuigeann Muinntear Stuairt French. Fé lathair lastiar den tigh seo, tá cnócán nó árdán, gur cuma é nó carn. Dá mbeithá a teact Corcaig ar an "Fáilte" do chíofá é ar do láimh clé. Tá coill ag fás ann fé lathair (1938). "Dun an Óir" a tugtar ar an Cnocán seo. Dubhairt mó athar liom (Beannacht Dé len a anam) gur cuala sé an sgéal seo leanas 'na thaobh. Bhí fear áirigthe 'na chomhnuidhe i bparóiste eile lastuaidh den Oileán seo. Oidhche amháin do deineadh taidhreamh do go ráibh ór i gcófra curtha i nDún an Óir. Do chonnaic sé an áit a ráibh sé curtha go soiléir i n-a bhroinglóid, bhí crann ag fás i mBéal Átha 'n Bhile ar a dtugtaí Crann a' Crothadh. Bhí sé suidthe timpeall céad slat ar an dtaobh thiar den droicead. Do chonnaic sé in a broinglóid feisin, eochair a bhí i bhfolach in-áirde ar an gcrann úd, eochair a oscalochadh an cófra san Dún. Dubhairt sé leis féin(continues on next page)
- Informant
- S. Ua hÉigeartaig
- Gender
- Male