School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- Location:
- Skibbereen, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Cuileannáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- XML Page 090
- XML “Máire Ní Shíocháin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhí Mícheál Chormaic thíos amach, bliain, do thárla go raibh cailín áirithe ag pioca na bprátaí indiaig na bhfear. Ní raibh puinn maise ag baint léi : bhí a cuid gruaige go glibeach scáinte bhí sí cos-nochtaithe agus is méiscreach a bhí na cosa aici.
Dubhairt duine des na fearaibh le Mícheál nár bhfearr rud a dhéanfadh sé ná amhrán do cheapa dhi. Dhein Mícheál amhrán am basa, agus isé do mhol thar na beartaibh í.
Nuair a chualaidh fear a tighe é, do gheall sé éinní ba mhaith leis do Mhícheál ach an t-amhrán do cur in oireamhaint dá inghin féin, ach d'eitig Mícheál é sin do dhéanamh.
Conchubhar Ó Confrolaidh a thug an fhaisnéis seo agus an t-amhrán dom. Níl sé go léir ann ámhthaig, agus ní chualadh ag éinne eile ó shin é, cé go bhfuil mórán ann a chualaídh é agus go raibh a chúntas acu(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ó Cuileanáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Conchubhar Ó Confhaolaidh
- Gender
- Male