Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- Suíomh:
- An Sciobairín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Cuileannáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- XML Leathanach 090
- XML “Máire Ní Shíocháin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhí Mícheál Chormaic thíos amach, bliain, do thárla go raibh cailín áirithe ag pioca na bprátaí indiaig na bhfear. Ní raibh puinn maise ag baint léi : bhí a cuid gruaige go glibeach scáinte bhí sí cos-nochtaithe agus is méiscreach a bhí na cosa aici.
Dubhairt duine des na fearaibh le Mícheál nár bhfearr rud a dhéanfadh sé ná amhrán do cheapa dhi. Dhein Mícheál amhrán am basa, agus isé do mhol thar na beartaibh í.
Nuair a chualaidh fear a tighe é, do gheall sé éinní ba mhaith leis do Mhícheál ach an t-amhrán do cur in oireamhaint dá inghin féin, ach d'eitig Mícheál é sin do dhéanamh.
Conchubhar Ó Confrolaidh a thug an fhaisnéis seo agus an t-amhrán dom. Níl sé go léir ann ámhthaig, agus ní chualadh ag éinne eile ó shin é, cé go bhfuil mórán ann a chualaídh é agus go raibh a chúntas acu(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Cuileanáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Conchubhar Ó Confhaolaidh
- Inscne
- Fireann