School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- Location:
- Skibbereen, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Cuileannáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- XML Page 209
- XML “Cath na Rátha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)An lá so áirithe, d'airig muínntir an cheanntair seo iad ag teacht, agus do chruinnig cúpla céád acu 'dé thuaidh de Shéípéal na Rátha agus do luigheadar 'dé thuas de'n fhalla, chun na clocha do thaabhairt dos na saighdiúiríbh nuair a bheidís ag taisteal an bhóthair fén a mbun thíos.B'é an comartha a bhí acu chun tosnuighthe - aon des na hóigfhir - Peadar Ó Coileáín dob ainm do -nuair a chaithfeadh sé sin an chéad chloch agus é 'na luighe 'dé thiar díobh fiche slat - gach aon fhear acu a chloch do chaitheamh chomh treán agus dob fhéídir leis.Bhí san go maith. Nuair a thánadar fén a mbun, do deineadh inar bhí ceapaithe -san adhbhar gur buaileadh go leor den ghasra armtha.Do tugadh órdú lamhach gan mhoill dos na saighdiúiribh, a's do marbhuighead duine des na fir agus do scaip an chuid eile.Do chuir san deire leis an mion chogadh do bhíodh ar an Rath mar gheall ar an deachamhain.
( Bhí an deachú mar dheachúin, ar ceal an uair úd. Cuireadh ar na tiarnaí talmhan í, agus chuireadar san ar an gcíos í. Bhí alt ar an gcaismirt sin i "Nation" Thomáís Dáíbis an bhliain sin.
M O'C )(Féach "Sketches in Carbrey" le Dochtúir Ó Donobháin L. 25 - Gill 1870 - M Ó'C )- Collector
- Máire Uí Chonaill
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Domhnal Ó Ríogáin
- Gender
- Male
- Address
- Ardnagrena, Co. Cork