Scoil: Baile an Chaisleáin (uimhir rolla 11303)
- Suíomh:
- Castletown, Co. Cork
- Múinteoir: Diarmuid Ó Mathghamhna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Chaisleáin
- XML Leathanach 505
- XML “Ard Cillín”
- XML “Baile an Chaisleán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)soir d’en b’talmhan so fadó agus tá sé luaidhte
i bpáipéir ag baint le dilsiú talmhan x Tá an ainm
fós ann i bhfuirm “Páirc a mhaidhine” , Maidin an “Chladaigh” agus tá scéal
ag baint leis seo. Go luath i Réim Liam (oráiste)
deineadh éirleach annso. Bhí muilleann ann agus bhí
Aifreann á rádh sa muilleann. Tháinnig saigdiúirí
ar an bpobal agus cuireadh urmhór dóibh chun báis. Tugadh
muilleann a chladaigh ar an muilleann so agus Maidin a
“Cladaigh” ar an “eirleach” nó b’feidir ar cath eile ata luaidhte síos.Troideadh cath idir na Sasanaig fé General Liam
Zaafke (ar 3 ad Eanair 1603) agus na hEiréannaig.
Na Cárthaigh, na Mathghamhnaigh, na Suibhnigh, na Cruadlaoigh
agus marbuigeadh Easbog Mac Aodhagáin. Deir An Suilleabán
ach (béara) gur troideadh an cath ag Sylvain Claddachum
Is é tuairim daoine éigin gur annso a troideadh é.Fuarathar cros mar bheadh ar barr Ceann-eaglaise acht
é bheith beag timcheall dhá throigh ar fhaid nú mar sin, cúpla
bhliadhain ó shin i bpoll san abhainn a snigheann tré
an mb’talmhan so agus timcheall leath mhíle níos sia
ó dheas ná an áit mar a marbuigheadh na daoine
sa mhuilleann. Deir daoine eile gur ar an dtaobh eile
de’n Bandan in aice le Cillceascain bhí an Sylvan
Claddachum. Tugtar tuairín ar chuid de’n bhaile seo. - Baile O’ Chaisleáin – Ghabeann an áit seo a ainm ó Chaisleán
a bhí ann. Ní fios cé’r thóg é, acht is doichighe gurb’ iad
na Carrthaigh de’ Ghleann áth Chruim a thóg é. Ní’l ann
anois acht sraid bhaile acht bhí baile mór ann timcheall(leanann ar an chéad leathanach eile)