Scoil: Baile an Chaisleáin (uimhir rolla 11303)

Suíomh:
Castletown, Co. Cork
Múinteoir:
Diarmuid Ó Mathghamhna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 505

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 505

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Chaisleáin
  2. XML Leathanach 505
  3. XML “Ard Cillín”
  4. XML “Baile an Chaisleán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    soir d’en b’talmhan so fadó agus tá sé luaidhte
    i bpáipéir ag baint le dilsiú talmhan x Tá an ainm
    fós ann i bhfuirm “Páirc a mhaidhine” , Maidin an “Chladaigh” agus tá scéal
    ag baint leis seo. Go luath i Réim Liam (oráiste)
    deineadh éirleach annso. Bhí muilleann ann agus bhí
    Aifreann á rádh sa muilleann. Tháinnig saigdiúirí
    ar an bpobal agus cuireadh urmhór dóibh chun báis. Tugadh
    muilleann a chladaigh ar an muilleann so agus Maidin a
    “Cladaigh” ar an “eirleach” nó b’feidir ar cath eile ata luaidhte síos.
    Troideadh cath idir na Sasanaig fé General Liam
    Zaafke (ar 3 ad Eanair 1603) agus na hEiréannaig.
    Na Cárthaigh, na Mathghamhnaigh, na Suibhnigh, na Cruadlaoigh
    agus marbuigeadh Easbog Mac Aodhagáin. Deir An Suilleabán
    ach (béara) gur troideadh an cath ag Sylvain Claddachum
    Is é tuairim daoine éigin gur annso a troideadh é.
    Fuarathar cros mar bheadh ar barr Ceann-eaglaise acht
    é bheith beag timcheall dhá throigh ar fhaid nú mar sin, cúpla
    bhliadhain ó shin i bpoll san abhainn a snigheann tré
    an mb’talmhan so agus timcheall leath mhíle níos sia
    ó dheas ná an áit mar a marbuigheadh na daoine
    sa mhuilleann. Deir daoine eile gur ar an dtaobh eile
    de’n Bandan in aice le Cillceascain bhí an Sylvan
    Claddachum. Tugtar tuairín ar chuid de’n bhaile seo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Baile O’ Chaisleáin – Ghabeann an áit seo a ainm ó Chaisleán
    a bhí ann. Ní fios cé’r thóg é, acht is doichighe gurb’ iad
    na Carrthaigh de’ Ghleann áth Chruim a thóg é. Ní’l ann
    anois acht sraid bhaile acht bhí baile mór ann timcheall
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Castletown, Co. Cork