School: Athea (roll number 15686)
- Location:
- Athea, Co. Limerick
- Teacher: M. Bean Uí Dhanachair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Athea
- XML Page 326
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Dhá chéad bliadhan ó shoin, nach mór, do bhí ridire san nGleann. "Ridire dubh an ghleanna" a glaodhti air, ach do bhí ainm eile air ag muíntir Gleanna Corbraighe agus bhé an ainm sin ná "Fear iompuighche na casóige", coisc gur ghlac sé an creidheamh Sananach chun ghreim do choiméad ar fhearann a shínsir.
Do bhí reachtaire aige: Míchéal ÓLongáin é sin. Is minic do bíodh ar ridire sin an tri-na-chéile i naigne agus in inntin agus bhíodh sé ag crádh an reachtaire. Is mó láimh-sgríbhinn luachmhar do chaith sé sa teine d'aon gno chun a chrádh.
I ndeire na dála do chuir sé amach as a reachtaireacht é agus do chuir sé protastúnach in a ionad.
Do dhein sé níos mó díobhala na san mar do chuir sé ar fán 7 ar seachrán a dhriachár féin, toisc na tréigfadh sé an creideamh fíor.
Na Dlighche peinnúla fé ndear sin.
________________________________
Is minic do bhíodh Míchéal ar aonach le stoc a mhaighistir do dhíol agus ba gnáth leis bheith ag Aonach Croma gan teip gach lughuasa.
Duine de's na báird do bheadh míchéal agus file maith agus mar is éol do chách.
Do bhí criunniú na bhfile gach uile(continues on next page)