School: Broadford, Ráthluirc
- Location:
- Broadford, Co. Limerick
- Teacher: Siobhán Nic Phiarais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Broadford, Ráthluirc
- XML Page 005
- XML “Gleann an Chapaill”
- XML “Log Mór”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is mar seo a deineadh an gleann so fadó, a deirtear. Thárla go raibh bean ag sábháil féir i bpáirc i-n aice le Cill-Achadh-Uí Liatháin. Tháinig tart uirthi. Chuaidh sí isteach go dtí an teampall ag lorg díghe. Níor éirigh léi. Sa deireadh dól sí roinnt fíona a bhí ar an áltóir. Láithreach baill deineadh capall sí, gleusadh fé céacht í agus treabh sí an gleann amach.
Deirtear go bhfeictear capall bán ann uair sa bhliadhain fós. - Log ( loch ) MórAr an dtaobh thiar de'n sráid ar thaobh an bhóthair tá loch. Tá sgéal imeasg na ndaoine i-n a thaobh mar seo:-Bhí páiste ag teacht go dtí an sráid agus tháinig bean amach as an loch seo agus thug sí an páisde i-n aonfeacht léi fé'n uisge. Do chonnaic an páisde a lán rudaí deasa. Nuair a chuaidh an páisde abhaile d'innis sí an sgéal d'á máthair. Cúpla lá indiaidh sin thuit sí tinn agus fuair sí bás.