School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (roll number 9229)
- Location:
- Letterkelly, Co. Clare
- Teacher: Seosamh Mac Dáibhid
![The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 052](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0612%2FCBES_0612_052.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 052
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Do bhí uraim don fhogluim agus aon léigheann...”
Do bhí uraim don fhogluim agus don léigheann riamh ins gach treabhcas ar domhain acht ní raibh aon cineadh de chineadachaibh an tsaoghal ba mhó ghrádh don léígheann ná mhó clú foghluim ná na gaedhil. Do bhí scoil scairte i Litir Úi Cheallaigh Sráid na Cathrach uair agus ins gach áit eile cómh maith. Ní hiad na maighistrí (?) a bhíodh ag múíneadh in aon chor acht fir léighinn eile. Do bhí fear darb ainm Seán Ó hÉaghrái (?) ag múineadh ann.Ní raibh aon leabhair ag na scoiláirí in aon-chor acht slinn agus rud beag ar a dtugtar Cedar uirthí. Bhíodh siad ag scríobhadh is ag scríobhadh an rud céadna igcómhnuidhe. Do bhí dhá pholl beag ar na slinne agus píosa córda uirthí cun iad do chroc suas nuair a bheadh sé sgríobhtha acha, idtreó is go bhféidir don, "Pedagogue, sé sin an fear leighinn a (?) acha d'fheiscint san am ceadna.Ní bhíodh morán socláirí aige, mar coiméadfead na hathaireacha a gcuid páistí sa mbaile cun cabhrú leóibh san obair cruaidh a bhíodh le déanamh ins an bhfeirm acht is minic gurab an páiste is fearr (?) coiméadfadh siad cun cabhrú leoibh. Deirtear gurb maighistir ana chruaidh a beadh é, tugadh (?)(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Mhathgamhna
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Letterkelly, Co. Clare