Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)

Suíomh:
Letterkelly, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seosamh Mac Dáibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 052

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 052

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
  2. XML Leathanach 052
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Do bhí uraim don fhogluim agus aon léigheann...

    Do bhí uraim don fhogluim agus don léigheann riamh ins gach treabhcas ar domhain acht ní raibh aon cineadh de chineadachaibh an tsaoghal ba mhó ghrádh don léígheann ná mhó clú foghluim ná na gaedhil. Do bhí scoil scairte i Litir Úi Cheallaigh Sráid na Cathrach uair agus ins gach áit eile cómh maith. Ní hiad na maighistrí (?) a bhíodh ag múíneadh in aon chor acht fir léighinn eile. Do bhí fear darb ainm Seán Ó hÉaghrái (?) ag múineadh ann.
    Ní raibh aon leabhair ag na scoiláirí in aon-chor acht slinn agus rud beag ar a dtugtar Cedar uirthí. Bhíodh siad ag scríobhadh is ag scríobhadh an rud céadna igcómhnuidhe. Do bhí dhá pholl beag ar na slinne agus píosa córda uirthí cun iad do chroc suas nuair a bheadh sé sgríobhtha acha, idtreó is go bhféidir don, "Pedagogue, sé sin an fear leighinn a (?) acha d'fheiscint san am ceadna.
    Ní bhíodh morán socláirí aige, mar coiméadfead na hathaireacha a gcuid páistí sa mbaile cun cabhrú leóibh san obair cruaidh a bhíodh le déanamh ins an bhfeirm acht is minic gurab an páiste is fearr (?) coiméadfadh siad cun cabhrú leoibh. Deirtear gurb maighistir ana chruaidh a beadh é, tugadh (?)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Mhathgamhna
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80
    Seoladh
    Letterkelly, Co. an Chláir