School: Dubhloch, Cill Mháille (roll number 14698)
- Location:
- Doolough, Co. Clare
- Teacher: Tadhg Ó Maoldhomhnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhloch, Cill Mháille
- XML Page 159
- XML “Cruatan”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- LONGBRISEADH: Brisead an long i gCaoilte in Iarthar Co an Cláir ar na carraigeaca inaice na fairrgeBhí storm ann agus do séideadh an long ar na carraigeaca. Cuaid cuid de muinntir Caoilte amac i mbadh beag agus thugadar isteac iad go slán folláin.
Ní badhadh einne. Bhí an long ar na carraigeaca ar feadh blian no mar sin agus bhíodh na daoine ag teact cun é dfeicsint. Ta cuid den long fe'n uisce in aice le Caoilte fos.
Nuair a cuir Rígh na Spáinne an Armada go Sasana cun e do chuir fé smacht do bhuail galaí troma na longa agus deineadh iad do scaramhaint óna céile. Do bhriseadh cuid diobh ar na carraigeaca in iarthar na h-Éireann go mor-mhór in Iarthar an Cláir. Do briseadh cuid diobh inaice le Caoilte agus bhadhadh na Spáinig a bhi ionta. Rugadh cuid de na corp on bhFairrge agus cuiread i reilig inaice na h-aíthe iad.Tugtar Cill Fear Buidhe (Kilfarboy) ar an áit o shoin.(continues on next page)