School: Clohanes, Dún Beag

Location:
Clohanes, Co. Clare
Teacher:
Mícheál de Bláca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0626, Page 202

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0626, Page 202

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clohanes, Dún Beag
  2. XML Page 202
  3. XML “Lorcán Mac Luirc”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    feóíl do thabhairt do go d'urchar. Do gheobhair é arsa an cócaire leis, tá sé ag beirbhiughadh sa dá choire sain annsan ar an dteine agus caithfir féin é thógaint amach agus anois cia acu is fearr leat bior maol bata agus dhá iarracht, no bior géar iarainn agus aon iarracht amháin cun é thogaint.
    "Mhuise" arsa buachaill Fhinn "is mór an nidh an dá iarracht d'fhaghail."
    Thóg sé an bior maol bata agus do sháígh sé síos i gcoire aca é agus do thóg sé píósa mór feóla aníos. Do chuaidh sé annsan go dtí an coire eile agus do thóg sé píosa beag. Do bhí an dá phíosa aige annsan ar an mbior agus níór fhan aon phíosa beag ná mór dá raibh istig ins na coiridhe na gur lean é. Chuaidh sé go dtí a mhaighistir agus sin é an uair a shuidheadar síos agus d'itheadar a ndóthain don feóíl agus don arán ar an áit sin.
    "Seadh anois a mhaighistir" arsan-buachaill le Fionn nuair a bhí a sásamh ithte aca an bhfuil aon ní eile in easnamh ort i gcóir na h-oihdche?"
    "Ná sparáil mise in ao' chor" arsan buachaill.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish