School: Clohanes, Dún Beag
- Location:
- Clohanes, Co. Clare
- Teacher: Mícheál de Bláca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clohanes, Dún Beag
- XML Page 203
- XML “Ciste Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí buachaill aimsire ag obair le fear sa Chlochán fadó agus is fadó bhí Pádraigh Ó Cearmadha a b'ainm de'n bhuachaill seo.
Do bhí air éirighe go h-an mhoch gach maidin chun prátaí do bhaint. An mhaidean seo bhí sé ar an gort ar a dó a chlog, agus tháinigh fear aníos cuige.
"Téir abhaile agus téir a chodladh agus taidhreóhaidh tú ar rud maith", arsa seisean. Do dhein an buachaill mar dubhairt an fear leis agus an maidean sin do thaidhreamh sé go bhfuigheadh sé pota óir thiar i bhpáirc Tomás Ó CHealligh fear a bhí in-aice le Cill Ruis. Ní raibh an óir acht trí troighthe fé'n chré agus bhí leach anuas air. Chuaidh se féin agus beirt fhear eile ag lorg an óir. Thugadar leó sluaradh agus nuair shrioseadat an áit thosnuigheadar ag obair ar a ndícheall. Tar éis tamaill beag do srois siad an leach ach nuair chuir sé an sluasah fé'n lic tháinig cú mór amach. Nuair chonnaicheadar an cú do rith siad cómh-meas agus dobh féidir leó. Do chuaidh an buachaill thíar lá ar na bháireach ach ní raibh ann ach sean pota briste.(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ó Gríobhtha
- Gender
- Male
- Address
- Clohanes, Co. Clare