School: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Location:
- Carrigaholt, Co. Clare
- Teacher: Bríd, Bean Uí Chatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 103
Mac BaintreachBhí buachaill agus a mháthair 'na gcomhnuidhe i n-aon tigh amháin. Bhí paiste breágh talmhan aige, agus bhí sí sínte le talaimh bodaire mhóir. Bhíodh a chíos díolta, glan i gcomhnuidhe aige, agus do bhuail sainnt an bodaire seo chun a chuid talmhan fhagháil.
Níor ró-fhada chun a dtáinig an seirriamh agus báille agus beirt phíleirí chun a chur amach as a theich agus a áit. D'fhiafruigh sé annsan díobh, "cad ata uaibh".
Tá uainn tú cur as seilbh," a dubhadar. D'iompaigh sé isteach a's fuair sé arm teine.
Nuair tháinig sé amach do lámhaigh sé an seirriamh, an báille agus píléir agus thug an píleir eile na cosa leis.
Fuair sé a chapall agus chuaidh sé ar a dhrom agus d'imthigh sé chuig siubhail.
Nuair a tháinig an oidhche
do thóg sé lóistín, agus annsan, ar maidin, d'imthigh sé an bóthar arís. Rángaid do gabháil trí baile mhór agus an lá san aonach capall annsa mbaile mór san.
Dhíol sé an capall agus d'imthigh sé 'na cois annsan. I siubhal oidhche 'seadh bhíodh sé, annsan theigheadh sé i bhfolach annsa lá, mar d'airigh sé tracht na siubaltaibh ar na daoinibh seo bhí marbh.
Bhí sé ag tríall leis nó go ndeachaig sé chomh fada le Gaillimh agus do chuaidh sé tamaill maith isteach i nGaillimh.
Nuair a thuit an oidhche air do bhuail...(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Mhathghamna
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Carrigaholt, Co. Clare