Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Suíomh:
- Doonaha, Co. Clare
- Múinteoir: Ed J. Headtromóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)éis laoigh do bhreith agus fuair sí bás.Tráthnóna amháin chuaidh bean a'tighe amach ag crudh na mbó eile agus bhí sí ag gearán fén mbeagán bainne a bhí aca. Nuair a bhí sí ag gabhail thar lios leis an mbuicéad bainne chaith na sidheóga scraith as an lios isteach sa mbuicéad agus loiteadh an bainne ar fad.
- Aon oidhche amháin bhí fear ar an mbóthar go h-aonach i gCill-Chaoidhe agus bhí air dul thar lios. D'airigh sé ceol agus rinnce ag gabháil istigh sa lios. Dubhairt sé go raghadh sé ann feachaint cad a bhí ar siubhal ann. Chonnaic sé na Sidheóga agus chuaidh sé feín ag rinnce leó. I gceann leath-uaire a chluig tháinigh tuirse ortha agus thuiteadar go léir a chodladh agus mar an gcéadhna leis an bhfear. Nuair chonnaich na Sidheóga an fear in a chodladh chuadar go leír as an lios acht ní raibh sé acht ag leigint air go raibh sé 'na chodladh agus thug sé fe ndeara chonus a chuadar as an lios agus an seift a bhí chun an dhoras d'oscailt.Bhí dabhac in aice leis an ndoras agus leacht éigin istigh inntí mar uisge. Théigheadh gach sidheóg go dtí an dhabhaich, thúmadh sé a mhéar san uisce agus cimilígheadh sé le na súile é agus deireadh "HIGH OVER THE KEYHOLE" agus d'oscaluigheadh an doras dó annsan.Dhein an fear an rud céadna nuair a bhíodar go leír imthighthe agus tháinigh sé as an lios agus as go bráth leis go dtí an Aonach. Chas duine des na Sidheoga air ar an aonach "Cad é an tSúil(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Donnchadh Ó Coileáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Mártan Treághan
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doonaha, Co. Clare