School: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí baintreabhach ann uair agus do bhí aon mhach amháin aice agus Séamus ab' ainm do. Do bhíodar ana bhocht agus fraoch agus tuighe abhí mar dhían ar an dtíghe aca.
Do théigheadh Séamus ag sguruidheacht gach aon oidhche agus uaireannta do bhíodh sé ana dhéanach nuair a bhíodh sé ag teacht abhaile. An oidhche seo do bhí sé ag sguruidheacht mar ba ghnáth agus do bhí sé ana dhéanach nuair abhí sé ag teacht abhaile.
Is dócha go raibh sé ag déanamh amach ar a dó-dhéag a chlog san oidhche. Dob' éigin do dul thar leasa. Nuair abhí sé ag gabháil thairis do léim púca amach agus do rug sé greim air agus do thosnuig sé ag caint leis agus dubhairt sé leis go gcaithfeadh sé teacht leis féin.(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork
- Informant
- Bean Sheáin Uí Luaisaigh
- Gender
- Female
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork