School: Baile Mhúirne (Cailíní)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1126, Page 041

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1126, Page 041

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (Cailíní)
  2. XML Page 041
  3. XML “Seán is A Mháthair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí bean bocht ann uair agus do bhí aon mhach amháin aici. Do bhíodar ana bhocht agus fraoch agus tuighe abhí mar dhíon ar an dtíghe aca. Seán ab'ainm de'n mac. Do bhí paiste beag talmhan aca agus aon bhó amháin. Do bhí Seán go h-ana mhaith chun oibre agus do bhí alán rudaí ag fás sa talamh aca mar prátaí agus turnaipí agus cabáiste agus paiste beag féir i gcóír an bhoin. Do bhí gamhan ag an mboin agus do bhí Sean á' dhéanamh amach nuair a bheadh sí sin mór go ndíolfadh sé í agus go gceannóchadh sé rud éigin eile leis an airgid.
    Do bhí alán cearca agus sicíní aca leis agus do dhíolfaidís na h-uibhe. Do dhíoladar an gamhan pé sgéal é agus 'sé rud a cheannuig sé leis ná blúire de phortach ó dhuine éigin sa chómharsanacht.
    Do fuair sé cúpla fear sa chómharsanacht agus do ghearradar an mhóin ach níor
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Shúileabháin
    Gender
    Female
    Address
    Baile Mhic Íre, Co. Cork
    Informant
    Bean Sheáin Uí Luasaigh
    Gender
    Female
    Age
    68
    Address
    Baile Mhic Íre, Co. Cork