School: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (Cailíní)
- XML Page 200
- XML “An Sprid”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó do bhíodh Sprid le feiscint thiar in aice Ínse Mór. Gach aoinne a geobhadh an treó san oidhche deireadh sì "Cad a dhéanfá le capall go mbéadh marc ar a dhrom?" agus muna dthabharfaidís freagra uirthi do mharbhochadh sí iad. Dhá oidhche in dhiaidh a chéile do ghabha fear an treó agus dubhairt sí leo é agus níor thugadar aon fhreagra uirthi agus do mhairbh sí iad.
An tríomhadh oidhche do ghaibh fear an treó agus dubhairt sí leis "Cad a dhéanfá le capall go mbéadh marc ar a dhrom? " agus dubhairt sé léi "Ariu! cad a dhéanfainn leis? ach marcac do chur thiar ar a mhuin" "Ó" ar sise "Táim ana bhuidheach díot táim anso anois ag déanamh mo phianóis le fada le súil go labharfadh duine éigin liom, tá mo phianóis déanta agam anois agus táim ag dul go Flaitheas Dé. D'imthig sí as a radharc ansan agus ní fheachathas í ó shoin.- Collector
- Cáit Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork
- Informant
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork