School: Baile Mhúirne (Cailíní)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1126, Page 147

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1126, Page 147

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (Cailíní)
  2. XML Page 147
  3. XML “An Searrach Draíochta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí lánamha ann uair agus do bhí daréag clainne aca. Do bhí feirm ana mhór aca agus do bhíodar ana shaidhbhir. Seán ab'ainm de'n duine ab óige aca. Aon lá amháin dubhairt Seán le 'na mháthair go raghadh sé amach ag tuilleamh a choda.
    Níor theastuig ó 'na athair ná a mháthair go raghadh sé amach in-aon-chor mar dubhradar leis go raibh a ndóithin aca sa bhaile ach do lean sé ag athchuiníghe ortha 'á iarraidh ortha é a leigint amach.
    Fé dheire do thugadar an cead do agus d'fhág sé slán ag a athair agus ag a mháthair agus ag a ghaolta go léir agus do chomáin sé leis. Tar-éis alán siúbhlóide dho do tháinig sé go dtí pálás an Rígh.
    Chuaidh sé isteach agus d'iarr sé obair ar an Rígh. D'fhiafhruig an Rígh de cadé an obair a fhéadfadh sé a dheanamh.
    Do fuaradh amach ansan go raibh an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Shúileabháin
    Gender
    Female
    Age
    16
    Address
    Baile Mhic Íre, Co. Cork
    Informant
    Bean Sheáin Uí Luasaigh
    Gender
    Female
    Age
    68
    Address
    Baile Mhic Íre, Co. Cork