School: Scoil Mhuire, Na Forbacha (roll number 2386)

Location:
Na Forbacha, Co. Galway
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 08_009

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 08_009

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Mhuire, Na Forbacha
  2. XML Page 08_009
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    aon leaba no go mbeadh inghín rí an domhain thoir aige. Dimthigh sé leis agus nuair a bhí píosa maith siubhalta aige chonnaic sé solas i bhfad uaidh agus ní i ngar dhó i gciumhais coille.
    Nuair a tháinic sé go dtí an chéad gheata chraith sé clog agus tháinic sean chailleacháin amach. Dfhiafhruigh sé dhe cé'n t'ainm a bhí air nó cé d'ar díobh é. Dubhairt an mac gurbh é mac Rí an domhain thiar é atá ar thóir inghin rí an domhain thoir. Is deacair sin a dhéanamh arsa an chailleacháin. Seo trí cháca dhuit agus nuair a thiocfas tú go dtí teach mo cholceathar léimfe cú mhór mhíllteach aníos. Iosfa sí thú mara gcaithfe tú ceann de na cácaí seo aice. Dimthigh mac an rí leis aríst agus chonnaic sé solas i bhfad uaidh is ní ngar dhó i gciumhais coille. Nuair a tháinic sé go dtí an geata bhuail sé clog agus léim cú mhór aníos. Chuir sé a láimh in a phóca agus chaith sé ceann de na cácaí aice. Bhain sí plaic as agus dubhairt sí fághaim baladh an Eireannach bhradaigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Churraidhín
    Gender
    Female
    Informant
    Pádhraic Ó Curraidhín
    Gender
    Male
    Age
    30
    Address
    Na Poillíní, Co. Galway