School: Árd Cróna

Location:
Anagaire, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 101

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 101

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Cróna
  2. XML Page 101
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ach é féin agus a mhathair. Bhí corfa mór sa teach agus chuir sé a mhathair isteach ann. Annsin chuir sé ceist air a dearbhrathair an dtiocfadh leis an corfa a coingbhéal go cionn seachtmaine do. Dubhairt an dearbrathar go dtiocfadh leis cinnte agus go dtiocfadh leis é a coingbéal níos fuide ná sin má bhí duil aige ann. Maith go leor arsa an fear eile. Dfág sé an corfa istoigh i dteach an dearbhrathar agus a mháthair istoigh ann go bfeiceadh sé caidé a bhí ag deanadh an muinntear eile go ramhar agus bhí siad. Dfág siad biadh agus deoch istoigh aici a beith itte. Lá amháin chuaidh duine de na paistí a bhí sa teach go dtí an corfa agus dfosgail sé an chorfa agus chonnaic sé an t-seanbean na suidhe istoigh ann. Chuir sé an clár ar an chorfa agus d’innis sé dó na mhathair caidé a chonnaic sé istoigh sa chorfa. Annsin chuaidh an mathair fhad leis an chorfa agus dfosgail sí e, agus caidé a chonnaic sí istoigh ann ach an tiseanbean. “Caidé atá tú a déanadh istoigh annsin”, arsa sise leis an t-sean bhean. Níor labhair an t-sean bhean ar chor ar bhith. Annsin chuir an bhean cuid de’n biadh siar i mbéal na sean mná agus theactaid í. Bhí lúthghair air muinntear an toighe go rabh an t-séan bean marbh.
    Nuair a bhí an corfa sa teach eile seachtmhain nó níos mó dar leis an fhear air leis é go rabh an t-am aige é a t-abairt na bhaile. Dar leis go mbéadh an t-sean bean ábalta cuid mhór a innse dó fá na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1536A: The Woman in the Chest
    Language
    Irish
    Collector
    Róise Nic Aodha
    Gender
    Female