School: Árd Cróna
- Location:
- Anagaire, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Cróna
- XML Page 38
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- [-]Sean Sgéal.
Bhí rí agus bainríoghan ann aon uair amháin agus bhí triúr nighneach acu. Fuair an bhainríoghan bás agus phós an rí arais, acht bhí an leas mháthair seo go h-iongantach olc do na páisdibh. Annsin ní rabh fhios ag an rí caidé dhéanfadh sé. ‘Sa deireadh chuir sé isteach ar oileán iad agus bhearadh sé biadh isteach chuca achan lá.
Bhí dearbhráthar ag an leas mhathair agus fáthach a bhí ann. Chuir (a) an leas mhathair sgéala chuige seo a theacht agus na giorsachaí a thabhairt leis.
Thigeadh an thriúr ghiorsach amach achan lá agus chaoineadh siad a mháthair a fuair bás.
Annsin bhéadh fhios ag an rígh go rabh siad ann ar fad. Ach’ maidín amháin ní tháinig amach ach ‘an bheirt acu ‘a chaoineadh a mháthara. Chuir an rí ceist ar a bhean an rabh fhios aici caidé bhí ar an bhean eile acu. “Ó”, arsa sise, “béidh sí ag obair fríd an teach.
Bhí go maith agus ní rabh go holc go dtí an darna lá agus ní tháinig amach ach an bhean amháin. B’é(continues on next page)- Collector
- Máire Ní hEaluighthe
- Gender
- Female
- Informant
- Nóra Bean Uí Bhranainn
- Gender
- Female
- Age
- 55
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- An Grial, Co. Donegal