School: Árd Cróna
- Location:
- Anagaire, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Cróna
- XML Page 5
- XML “Oíche Shamhna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Oidhche Shamhna
Tuiteann Féile na Samhna ar an lá deireannach de mhí Deireadh Fóghmhair.
Tá chuid mhór sean nósanna agus sean pisreógaí ag baint leis an fhéile seo. In achán teach ar Oidhche Shamhna bíonn féasta mór. Bíonn eagla ar na daoine gabail ar shiubhal ro-fháda o’n teach an oidhche sin ar eagla go dtabhairfeadh na sidheógaí ar shiubhal iad. Is iomdha sgéal ag baint leis na daoine a thug na sidheógaí ar shiubhal.
Ag tuitim na h-oidhche téigheann sgaifte gasúr isteach go dtí garraidhe éiginteacht agus bheireann achán dhuine ceirtlín cáil leis, agus bheireann siad buille maith do achan doras agus annsin ritheann siad ar shiubhal. Téigheann fear isteach i ngarraidhe cáil agus cuartuigheann sé an ceirtlín is mó agus bheireann sé leis é. Crochann sé é in áirde as coinne doras i dteach na comharsan agus an t-ainm atá ar an chéad cailín a rachas isteach ar an doras sin an t-ainm a bheas ar an cailín atá i nduál do é a phósadh.
Bíonn bruightín agus im mar shiupear(continues on next page)- Collector
- Maighread Breathnach
- Gender
- Female
- Informant
- Gráinne Breathnach
- Gender
- Female
- Age
- 38
- Address
- An Clochán Liath, Co. Donegal