School: Árd Cróna

Location:
Anagaire, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 69

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 69

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Cróna
  2. XML Page 69
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ach sa deireadh smaointigh sé go racadh sé na bhaile go bfhágadh sé slán ag a mhathair. D’imthigh sé ag tarraingt ar an bhaile. Nuair a chuaidh se go dtí an doras d’fiafruig Diarmad do cá rabh luach choirce. D’innis Domhnall dó cáide mar tharluigh. D’éirigh Diarmadh leis an mhaide bhriste. Sheasuigh Domhnall ins an doras, agus d’imtigh sé. Ní rabh sé i bhfad ar siubhal gur casadh fear bocht dó. D’fiafruigh Domhnall d’en fhear bhocht an rabh fhios aige cé h-aith a bhfuigheadh siad loistín go maidin. Dubhairt seisean go rabh teach shíos annseo nar chuir amach an dhuine ariamh. Dubhairt Domhnall go rachadh siad síos, agus chuaidh. Bual Domhnall ar an doras, agus thainig fear an toighe amach. D’fiafruigh sé daobhtha cáide a bhí a dhith ortha, agus d’innis siad do. Thug sé isteach iad agus thug sé súipear daobhtha. Thug suas go dtí seomra iad a rabh teinidh bhréagh ann agus leabaidh. Chuaidh siad i luighe. Ní rabh siad i bhfad na luighe go dtainig beirt fhear isteach, agus comhnair leobhtha. D’fag siad an chomhnair ar leic na teineadh agus chuaidh siad amach. D’éirigh Domnaill agus d’fosgaill sé an clár de’n comhnair. Bhí seanduine mór liath na luighe istuigh ins an conmair agus é beo. D’iarr Domhnall air éirghe amach agus é féin a téideadh. “Orú Orú” arsa an taidhbhse, agus d’éirigh sé. Nuair a bhí sé té go leór d’iarr Domhnall air gabhail i luighe, agus chuaidh sé i luighe ar [colda]? na leabhtha. Nuair a bhí siad ag tuitim
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Language
    Irish
    Informant
    Nóra Bean Uí Bhranainn
    Gender
    Female
    Age
    55
    Occupation
    Bean feirmeora
    Address
    An Grial, Co. Donegal