School: Árd Cróna
- Location:
- Anagaire, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Cróna
- XML Page 8
- XML “Scéal”
- XML “Tomhas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhean.
Lá thar na bhárach chuaidh Máire go dtí an siopa agus thóisigh Michéal ag deánamh na mine. Nuair a tháinig Máire bhí lán an t-seomra de mhin deánta ag Micheal agus níor innis sé de Mhaire cia an áit a bhfuair sé an mhin. Lá thar na bhárach bhí Máire ar shiubhal arais agus dar le Michéal go ndeanfadh sé moil mór mine an lá seo agus go n-dhíolfadh sé an bho annsin. Tháinig lá an Aonaigh agus chuaidh Micheal ‘un Aonaigh leis an bho ach sula deachaidh sé chuimil sé an rud a fuair sé ar an stáca de na chuid súl agus nuair a bhí sé ar an Aonach chonnaic sé ceann de na daoine beags agus labhair sé leis. “Caide-n súil a bhfeiceann tú mise leis?” arsa’n fear beag. “Le mo shúil dheis,” arsa Michéal. Le sin go díreach thug an fear beag buille do Mhicheal isteach i n-a shúil dheis agus d’fág sé dall é go dtí la a bháis. - Rith me agus fhuair me é
Shuidh mé acht ní bhfuair mé é
Da bhfuighinn é chaithfunn ar shuibhal é
Ach nuair nach bhfuair mé é
B'eigean damh é thabhairt lion - dealg- Collector
- Maighread Breathnach
- Gender
- Female
- Informant
- Gráinne Breathnach
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Age
- 38
- Address
- An Clochán Liath, Co. Donegal