School: Árd Cróna
- Location:
- Anagaire, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Cróna
- XML Page 80
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D’oibir sé leis go sannthach ditheallach ar feadh na mbliadhantach ar obair mé-fhollain. Bhí an phaighe mór agus de réir mar bhí sé ag leigint thart bhí sé ag (leig) éirghe sanntach. D’oibhir sé leis go rabh sé chéad phunnta sabailte aige. Bhí an t-airgead aige agus bhí an sláinte caillte. Rinne sé amach go rachadh sé cuig ard doctuir a bhí san áit, agus d’iarr air gan airgead a spáirail ma bhí sé ion-leighis. Dubhairt an dochtúir go ndeanfadh sé a dhicill. Chuaidh sé ar aghaidh le na chuid comhgaisé lean sé do, acht ní rabh gar ann. Bhí mo dhuine bhocht ag gabhail an donacht gach lá a bhí ag teacht. Fa dheireadh thiar thall dubhairt an doctuir leis nach rabh sé ion-leighis. Bhí buadhartha mhór ar ma dhuine bhocht nuair a chualaidh sé seo.
Chuir sé chéist ar an doctúir caidé a pháighe. Dubhairt an doctúir go ndeanadh trí chéad punnta gnaithe. Thug sé an t-airgead do agus ar shiubhal leis. Bhí mo dhuine bhocht ag éirghe claoidhte ach’án lá a rabh ag teacht. Fa dheireadh chuir sé teactaire amach fa coinne an t-sagairt. Tháinig an sagart isteach agus thug se frithcalain do mar is gnathach. Chuir an sagart chéist air ce mhead punnta a bhí aige. Dubhairt sé go rabh trí chéad punnta faghtha aige. Bhal arsa’n sagart da dtabhairthea an trí chéad sin(continues on next page)- Collector
- Maighréad Breathnach
- Gender
- Female
- Informant
- Grainne Breathnach
- Gender
- Female
- Age
- 38
- Address
- An Clochán Liath, Co. Donegal