School: Árd Cróna
- Location:
- Anagaire, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Cróna
- XML Page 84
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- [-]Sgéal
Bhí fear uasal agus a bhean na gcomhnuidhe i-n Éirinn fad ó shoin. Ní rabh aca ach aon nighean amháin agus bhí siad go h-íontach maith duithe. Achan buachaill a rabh ar fastodh aca o deirigh an giorsach mór chuireadh siad un bháis iad. An bhuachaill deireannach a bhí ar fastod aca ba mhaith leis an giorsach é a phosadh ach níor mhaith le na h-athair no le na mathair sin. Ní rabh fhios aca caidé an leithsgeal a geobhadh siad le cur un bhais. Lá amháin dimthig an fear uasal chuig bean fheasach go n-innseochad sí do caidé an gleas bhais a chuireadh sé ar an bhuachaill. Dubhairt an bhean feasach na focla seo. “Nach bhfuil tobar os cionn do thoige nar glanadh le céad blidhain”. “Tá”, arsa seisean. “Nach mbíonn tú ar shiubhal ag seilg achan mhaidín” “Bíonn” arsa seisean. Nuair a béas tú ag imeacht ar maidín imarach tabhair leat é go dtí an tobar agus (b) iarr air an tobar a bheith glan aige nuair a thiocfas tú. Iarr fosta air an uibh atá thíos ar thóin an tobair a bheith aige le taisbeant duit”. Tóg an fear amach go dtí an tobar e agus dinnis sé sin do. “Anois, arsa seisean arais bíodh an tobar glan agat tráthnona na bainfidh mé an cloigean díot” “Maith go leor” arsa an buachaill. “Deanamh mé sin”. Dimthigh an fear na chnuic agus an buachaill a glanadh an tobair. Níl aon(continues on next page)- Collector
- Róise Nic Aodha
- Gender
- Female
- Informant
- Maighriad Bean Uí Duibhir
- Gender
- Female
- Age
- 45
- Occupation
- Bean féirmeora
- Address
- Cnoc an Chaocháin, Co. Donegal