School: Árd Cróna
- Location:
- Anagaire, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Cróna
- XML Page 99
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal.
Bhí gasúr ann aon uair amháin agus chuaidh sé air fostodh chuig fear uasal. Bhí sé na gasúr iontach mhaith agus nuair a bhí fhostodh astoigh aige thug a mhaighistir cuid mhór óir do. Bhí luthgair mhór air an ghasúr no shaoil sé nach mbéadh an t-ór caithte a choidhche aige. Annsin thug sé a aghaidh an bhaile lá aonaigh a bhí ann agus níorbh fada a chuaidh sé gur casadh fear air agus beithidheach leis. Chuir an fear a rabh an beithideach leis ceist air an gasúr an dtabhairfeadh sé an t-ór dó air an bheithidheach. Dubhairt an gasúr go dtabhairfeadh sé an t-ór dó. Thug an fear an beithidheach do agus thug an gasúr an t-or d’on fhear. Chuaidh an gasúr a marcuideacht air an bheithidheach (do) agus dubhairt sé leis fhéin go rabh sé i bhfad níos deise a bheith ag marcuidheacht no (I) a bheith ag siubhal. Dimthigh an fear agus an beithidheach leobhta gurbh casadh fear ortha agus bó leis. Chuir an fear a rabh an bó leis ceist air an gasúr an dtabhairfaidh sé an beithidheach do air an bhó. “Margadh (beithidheach) é”, arsa an an gasúr agus thug sé an beithidheach do an fhear eile air an bhó. Bhó mór a bhí inntí agus dar leis an gasúr gur margadh maith a bhí ann. Siubhal sé féin agus an bó leobhta ag tarraingt air an bhaile. Nuair a bhí siad air siubhal giota fada deirigh an bho tuirseach agus luighe sí síos ar thaobh an bhealaigh móir. Thoisig an gasúr ag bualadh ach ní éireaocadh an bhó do dá mbéadh sé ga bualadh i choidhce. Ins an deireadh tháinig fear thart agus cloch ar a ghuailinn(continues on next page)- Collector
- Róise Nic Aodha
- Gender
- Female