Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 Nollaig 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fothram agus a’ tóir go léir tamall thar ar cailleadh
í. "Cuireann suin i n-úmhail díbh," ar seisean,
"go bráth má chloiseann sibh aon tóir d’á
leithéid do bhfuil rud éigin lé tuitim amach agus
bídh beartuighte," ar seisean, "arís," ar seisean, "má chloiseann
sibh aonní mar sin agus tá gach aon
seans," ar seisean, "go saorfaimíd an t-é bheidh
aca ’á bhreith leótha." Do bhí sé seo mar
scial fíor fé mar a chuala-sa, agus ’sé an
duine a ’nis dómh-sa é seo mar scial, Gobnait
Moriarty ó’n Rínn Ruaidh. Siné mo
scial-sa agus má tá briag ann bíodh. - Tá tobar i mBaile ’n Sceilg - tobar beannuighthe
- agus ’sé an ainm atá ar a’ dtobar.(leanann ar an chéad leathanach eile)