Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 Nollaig 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)Tobar Naomh Mícheál, agus tagann muarán Éireann a’ tabhairt turais ann. Do bhí sé ráidhte agesna seana dhaoine fudó go bhfictí breac
beannuighthe sa tobar, agus deirtí aonne do chífeadh a’ breac go n-eireóch a thuras go
mhaith leis. Do chómhnuig bean a gCinn Árd agus mar seo do tháinig bliadhain árd-thrim go
bráth agus ba dheochair aon braon fíor-uisce d’fhághailt tímpal na h-áite. Níor chuaidh Tobar Michíl riamh a ndíse dá’r mhiad triomacht a thagfadh níor thriomuig an tobar riamh, agus
d’eirigh sí mar seo maidean agus do chur sí síos teine agus do theastuig bhuaithi na h-áruistí do scóladh. Do bhí sé de nós aca san am san go scólaidís na h-áruistí go maith mar
'sé an sórt áruistí do bhíodh aca cannaí adhmuid agus ’sé an t-slíghe go scríosfaidís é lé scathán fraoíg mar do dhinidís amach dá’r mhiad scríos agus scólachán do thugaidís do’n árus gurbh eadh ba mhó an barra, agus do thóg sí léi an canna agus do fuaidh sí
ad iarraidh canna dho’n fhíor -uisce go Tobar Michíl. Thug sí léi abhaile an canna(continues on next page)