Volume: CBÉ 0376
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
![The Main Manuscript Collection, Volume 0376, Page 0101](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0376%2FCBE_0376_0101.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0376, Page 0101
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)Bhí Fionn lá theas ar thráig Fionn Trá. Sé áit a bhíoch sé ’n-a chómhnuí insa ’n-am san ag
gCuisleán Ráth Conáin(1) agus do bhí na Fianna go
léir a’ fiach agus a’ fian-scoruíocht dóibh féin agus
d’imig Fionn tréis a dhínnéir agus do bhuail sé síos chuig na trá’ agus do ghaibh sé siar go
dtí ’n Áth. Ar a chasa thiar do do chonnaic sé chuige 'steach ar charracháinín árthaig agus
ríogáil ana- strúinséartha uirthe. Dubhairt sé i n-aigine féin:-
"Níl ao’ ní’ ar fúnamh ar bórd agat" ar sisean, "agus ní maith an áit gur thug mo chosa mé".
Mar sin a bhí. Is ró-gheárr gur chas sí tímcheall agus do chuir sí ’mach a h-anncuirí agus do tháinig chuige ’steach, bean agus níor stad sí agus níór fhuar sí gur tháini’ sí suas lé Fionn.
"Seadh Fhínn," ar sise, tréis beagáinín cainnte déunamh, "an imireófa breith?"
(1) i bPar Fionn Trágha.(continues on next page)