Volume: CBÉ 0376
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)sé ionad aimsire is má loirig sé ionad aimsire ortha dubhairt Con leis ná raibh ao’ ghnú mór
aige dho agus ná raibh aon obair ar siúbhal anois ach chonnaic sé deárthainn fir mhaith air ach
lag leis Con a chuir bhuaig. Ambasa fhéinig choinníbh sé é. Bhíodar a’ chur sa cúiteamh i
dteannta chéile agus ag obair leó nach aon lá. Insa ’n-am san bhíoch na daoíne dul go Corcaig lé h-ím agus do bhrathas-sa tusa dul ănn agus labharamair féin lé na chéile agus dúbhramair go mbeimíst i n-aonacht.
Well dh’imíomair orainn agus dh’imig a’ próiste D’imíodar
lé cois a chéile agus níor stadadar is níór d’fuaradar gur chuireadar a’ Daingean soir dóibh. Bhí fear aca i ndrom a’ chapaill agus a gceithre cínn d’fheircíní bhíoch ar chliathán a' chapaill. Bhíodar a’ cuir a’ bhóthair dóibh Con agus a bhuacaill fhéin in aonacht.
Ombriathar má bhíodar nuair a bhíodar soir mórán do ’n mbóthar do dubhairt(continues on next page)