Volume: CBÉ 0441 (Part 1)

Date
1937
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0039

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0039

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    é" adéir an Ridire. Thairing mac a Rí naipicín as a phóca agus chrait sé é, Tháinic an fear mór amuigh ar agaidh agus d'fhiafhruigh sé dhe ceard a bhí uaidh "Ná fág cleit na sgólb ós cionn na cúirte seo". Ní túisge a bhí ráidte ná déanta. Rith an ridire le faitchíos. Leag sé a shlat ar an uisge agus rinne sé bóthar dó fhéin amach as an oileán. Bhrís sé an bóthar na dhiaidh. Lean mac a Rí é agus leag sé a slat h-féin ar an uisge agus rinne sé bóthar dó h-féin, lean sé gon Ridire agus bain an Ridire an teach amach.
    Tháinic mac Rí i nÉirinn istheach na dhiaidh. Bá geárr an maoill a rinne Mac Rí i nÉirinn sa teac núair a siubhail sé amac aríst. Cáil tu goil a Mhic Rí i nÉirinn" adeir an Ridire "Tá mé goil abhaile" adeir Mac a Rí. "Foill Fóill" adeir an Ridire "thug mise lá maith eile conghta dhuit h-fhéin i nÉirinn." "Más dhá mhuigheachtáil orm atá tú, tiubradh mé an lá amáireach go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    1937
    Item type
    Lore
    Folktales index
    AT0313: The Girl as Helper
    Language
    Gaeilge
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant