Scoil: Gob an Choire (Clochar) (uimhir rolla 16890)

Suíomh:
Gob an Choire, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sr. M. de Sales
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0085, Leathanach 242

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0085, Leathanach 242

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gob an Choire (Clochar)
  2. XML Leathanach 242
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus gur cailleadh í an faid a bhí sí ag fanacht leis an siopa fhosgailt. B'in cleas maith a rinne an gasúr. Ar chaoí ar bith lá thár na bháireach bhí an sgéal ag dul timcheall an bhaile gur ghoid gadaidhe eicínt an corp. Bhí fice púnt le fághail ag an té gheobhfadh an corp. Nuair a chuala an cleasaidhe é sin thoisigh sé ag cúartadh an chuirp ar thean a dhicealla. Ar nú, fuair sé an chorp go bog agus dh'fhág sé ar ais san áit cheart é. Mo lean fuair sé an fice púnt go bog réidh. D'imthigh an gasúr abhaile agus áthas mór air. Sgathamh 'na dhiaidh seo shíl an gasúr go raibh sé in am aige dul chun faoisdine. Ar aghaidh leis. D'imthigh sé chun an séipéil. Bhí air dul treasna aba mhór ar a bhealach go dtí an séipéal. Nuair a tháinig sé go dtí an abha bhí sagart ar bhruach na haibhne ag feitheamh ar dhuine a thabhairfeadh é treasna go dtí an taobh eile. Dubhairt an cleasaidhe go bhfágfadh sé an sagart ar an dtaobh eile ach chaithfeadh an sagart bheith ag éisteacht faoisdine do'n ngasúr ar a bhealach treasna na haibhne. Bhí go maith socruigheadh an mhargadh le sin. D'imthigh a bheirt acu treasna na haibhne. Bhí an sagart dá iomchur ag an ngasúr ar a dhruim. Ar a mbealach treasna dubhairt an gasúr leis an sagart gurbh eisin a goid an corp. Dubhairt an sagart "Tá an diabhal ort". Le sin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    null
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    null
    Inscne
    Baineann